Langue   

Amhrán Grá Vietnam

Caitlín Maude
Langue: irlandais


Caitlín Maude


Dúirt síad go raibh muid gan náir
ag ceiliúir ár ngrá
agus an scríos seo inár dtimpeall.

an seabhac ag guairdeall san aer
ag feitheamh le boladh an bháis.

dúirt síad gurb íad seo ár muintír féin
gurb í seo sochraide ár muintíre.
gur chóir dúinn bheith sollúnta féin
bíodh nach raibh brónach.

ach muidne,
tá muid ‘nós na haimsire
go háirid an ghrían.
ní thugann muid mórán aird'
ar imeachtaí na háite seo feasta.

lobhann gach rúd le teas na gréine
thar an mbás

agus ní muidne a mharaigh íad
ach sibhse.

d'féadadh muid fanacht ar pháirc an áir
ach chuir aighthe brónacha na saighdiúrí
ag gáirí sinn
agus thogh muid áit bhog cois abhainn.



Page principale CCG

indiquer les éventuelles erreurs dans les textes ou dans les commentaires antiwarsongs@gmail.com




hosted by inventati.org