10. Amazing Grace
Cantate pour la PaixOriginale | Irish transcreation by Gabriel Rosenstock |
10. AMAZING GRACE Amazing grace, how sweet the sound That saved a wretch like me ! I once was lost, but now I’m found Was blind, but now I see. Fabuleuse grâce, quel son si doux Sauva le misérable que j’étais ! J’étais perdu, me voilà retrouvé, J’étais aveugle, mais maintenant je vois. | 10. AMAZING GRACE Grásta chugainn, nach binn an fhuaim A tharrtháil ainniseoir Bhíos tráth ar strae, féach fód fúm – Níl mé dall níos mó. Mhúin grásta eagla do mo chroí Chuir grásta stop le huamhan Tháinig deireadh ar fad le himní Nuair a tháinig creideamh chugam! Bhí guais im’ shaol is bhí cathú Ach ó bhaol thána slán! Murach grásta bheinn fós amú Ar an drabhlás, ar fán. Nuair a bheimid míle bliain leis féin Is ag lonrú mar ghrian: Beidh gach smaoineamh beo i bhfad i gcéin Seachas moladh Dé go dian. Grásta chugainn, nach binn an fhuaim A tharrtháil ainniseoir Bhíos tráth ar strae, féach fód fúm – Níl mé dall níos mó. |