Lingua   

Johnny Seoighe

Tomás Shiúnach




A Sheáin Uí Sheoighe tuig mo ghlór is mé ag tigheacht le dóchas faoi do dhéint
Mar is tú an réalt eólais ba deise lóchrann dár dhearc mo shúil ariabh
Is tú bláth na h-óige is deise breághtha i dhearc mo shúil i d-Teampall Dé
Agus as ucht Chríost, tabhair dom relief go gcaithfear oidhche Nodlaig féin.

Lá ar na mháireach nuair i fuair mé an páipéar is mé a bhí sásta agus ghluais mé an siubhail
Ní bhfuair mé freagra ar bith an lá seo acht mé féin is mo pháistí amuigh faoi an drúcht
Tá mé caillte, bruighte, feannta, dóighte gearrtha ó neart an t-siúil
Agus i Mhister Joyce tá an Work-House lán agus ní glacfear ann isteach níos mó.

Nach mór an cliú do phoball Carna ó thosuigh an lánmhain seo ag dul thrid
Ba deise breághtha méin na mná ná an Morning Star nuair d’eirigheócha sí
Tá an Bhanríoghan tinn is i na luighe lag síos, deir na dochtúirí go bhfaoi sí bás
Sé fios m’údair go ndeir siad liomsa faoi nach bhfuil sí pósta ag Mr Joyce.



Pagina principale CCG

Segnalate eventuali errori nei testi o nei commenti a antiwarsongs@gmail.com




hosted by inventati.org