Tá na páipéir dá saighneáil
anonimo
Originale | traduzione inglese di Brendan da songsinirish.com |
TÁ NA PÁIPÉIR DÁ SAIGHNEÁIL | TÁ NA PÁIPÉIR DÁ SAIGHNEÁIL |
Tá na páipéir dá saighneáil, | The papers have been signed, |
Is tá na saighdiúir ag goil anonn, | And the soldiers are going over, |
Tá an drumadóirín aoibhinn aerach, | The drummers are happy and light-hearted, |
Clanna Gael ag goil go tír na long, | The Irish are going to the Land of the Ships, |
Dá mbeadh agam is dhuit a bhéarfainn, | If I had them, |
Céad is dhá mhíle bó, | I'd give you two thousand, one hundred cows, |
Ar chuntar tú bheith i d’fhéirín liom, | If you'd be with me, |
Go Condae Mhaigh Eo. | In County Mayo. |
I mo luí dhom ar mo leaba, | Lying in my bed, |
Is í m’osna a bhíonn mór, | My sighs do be great, |
Is ar m’éirí dhom ar maidin, | And when I get up in the morning, |
Is í mo phaidir mo dheoir, | My tears are my prayers, |
Tá gruaig mo chinn ag titim, | The hair on my head is falling out, |
’Gus ag imeacht mar an gceo, | and disappearing like fog, |
’S le cumha i do dhiaidh, a stóirínn, | and with the help of God, |
Í bheidh mé i bhfad beo. | I won't be alive much longer. |
Nuair a éirím amach go huaigneach | When I get up and about, I'm lonely, |
Sea bhreathnaím ar an gcnoc úd thall, | And I look out on the hill over yonder, |
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach | I remember your curly locks, |
A d’fhág an chrua-arraing trí mo lár, | That have left me cut to the core, |
Tá mo chroí istigh ina leac dhe ghual dubh | My heart is a slab of black coal inside, |
Is fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást, | And no-one has pity for me except the King of Grace, |
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim tú, | And whatever girl I would give you, |
Go síntear suas í i gcónra chláir. | I would also put her in the coffin. |
Tá mo stocaí uilig stróicthe | My stockings are all torn, |
Is tá mo phócaí gan pingin, | And my pockets are without a penny, |
Tá mo nuachulaith phósta is é, | My wedding dress, |
Mo léan géar, fós gan sníomh, | Alas, is still without a stitch, |
Tá fiacha i dteach an óil orm | I have debts at the pub, |
Is níor ól mé ariamh braon, | But I have never drunk a drop, |
Ach is é mo léan géar, a mhíle stóirín, | But it is my greatest sorrow, my love, |
Gan mé is tú óg seal arís. | That you and I wouldn't be young for a while again. |
Is nach aoibhinn do na héiníní | Isn't it lovely for the little birds, |
A éiríonn go hard, | Rising high up, |
Is a bhíonn ag ceiliúradh lena chéile | Celebrating together, |
Ar aon chraoibhín amháin, | On one small branch, |
Ní mar sin dhom féin | But it's not so for me, |
’Gus mo chéad mhíle grá, | And my true love, |
Mar is fada fairsing óna chéile | For as long as each day continues, |
A bhíonn ár n-éirí gach lá. | To keep us apart from each other. |