Folsom Prison Blues
Johnny CashOriginale | Irish transcreation by Gabriel Rosenstock |
FOLSOM PRISON BLUES | FOLSOM PRISON BLUES |
I hear that train a-commin', it's rollin' around the bend And I ain't seen the sunshine since I don't know when I'm stuck in Folsom prison and time keeps draggin' on But that train keeps a-rollin' on down to San Antone | Tá an traein ag teannadh linne Ón gcúinne chugainn go mear Ní fhaca mé ga gréine Le …ní tamall gearr Táim sáite in Folsom Prison Is stop an t-am, ochón, Is tá an traein ag gluaiseacht léi Síos go San Antone. |
When I was just a baby, my mama told me, son Always be a good boy, don't ever play with guns But I shot a man in Reno, just to watch him die When I hear that whistle blowin', I hang my head and cry | Nuair bhíos-sa i mo bháibín, Ar Mama liom “A mhac Bí i do bhuachaill múinte Gan gunna i do ghlac.” Ach do lámhachas fear in Reno Chun breathnú ar a bhás Nuair a chloisimse an fheadaíl Tosnaím ag gol go fras. |
I bet there's rich folks eatin' in a fancy dining car They're probably drinking coffee and smoking big cigars But I know I had it coming, I know I can't be free But those people keep a-movin' and that's what tortures me | Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe Ina gcarr galánta dóibh Nó ag slogadh siar an chaife Ag caitheamh na dtodóg Ach nach raibh sé tuillte agam! Ní bheidh mé saor go deo Is na daoine ag síorghluaiseacht Iad 'na ndealg sa bheo. |
Well if that freed me from this prison and that railroad train was mine I bet I'd move it on a little farther down the line Far from Folsom prison, that's where I want to stay And I'd let that lonesome whistle blow my blues away | Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo Dá mba liom an t-iarnród Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo Ó, gan aon agó I bhfad ó Folsom Prison Is ann a gheobhainnse scíth Agus ligfinnse don fheadaíl An brón a ghlanadh díom. |