| Irish transcreation by Gabriel Rosenstock |
MUSTA SADE ON LANKEAVA | IS DIAN-DEOIR ATÁ I NDÁN |
| |
Oi, missä olet ollut, poikani sinisilmä? | Ó cá rabhais uainn, ’mhic na súl glé |
Oi, missä olet ollut, rakkaani pellavapää? | Is cá rabhais uainn ó bhánú an lae? |
Kahdentoista sumuisen vuoren juurella olen kompuroinut, | Do thiteas ar thaobh dosaen sliabh faoin gceo |
kuutta mutkaista valtatietä vaeltanut, | Mé ag siúl is ag lámhacán ar mhórbhealaí cama |
seitsemän synkän metsän keskellä taivaltanut, | Do sheasas i gceartlár na seacht bhforaois uaigneach |
ollut kymmenen kuolleen valtameren äärellä, | Mé ansiúd os comhair na n-aigéan gan anam |
kulkenut sata peninkulmaa kalmiston porteille. | Bhíos deich míle slí is mé i mbéal na huaighe |
Ja musta, niin musta, niin musta, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
niin musta sade on lankeava. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Oi, mitä olet nähnyt matkoillasi, poikani sinisilmä? | Ó, cad ba léir duit , ’mhic na súl glé, |
Oi, mitä olet nähnyt, rakkaani pellavapää? | Is cad ba léir duit ó bhánú an lae? |
Olen nähnyt vastasyntyneen, jota susilauma piiritti, | Chonac leanbh nuabheirthe is faolchúnna ’na thimpeall |
timantein päällystetyn valtatien, jota kukaan ei kulkenut, | Chonac mórbhealach diamant ’s gan éinne ag siúl air |
mustuneen puunoksan, josta veripisarat tippuivat, | Chonac an chraobh dorcha ’is fuil á síordhoirteadh |
huoneen täynnä miehiä, joiden astalot vuosivat verta, | Chonac seomra is fir ann is fuil lena gcasúir |
valkoiset tikkaat, joita vesi huuhtoi, | Chonac an bándréimire ’bhí clúdaithe faoi uisce, |
kymmenentuhatta ihmistä, jotka puhuivat särkynein kielin, | Chonac deich míle duine is a dteanga bhí briste |
aseita ja teräviä miekkoja, joita pienet lapset kantoivat. | Chonac gunnaí is claimhte i lámha na leanaí |
Ja musta, niin musta, niin musta, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
niin musta sade on lankeava. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Ja mitä olet kuullut matkoillasi, poikani sinisilmä? | Is cad a chualaís, ’mhic na súl glé, |
Mitä olet kuullut, rakkaani pellavapää? | Is cad a chualaís ó bhánú an lae? |
Olen kuullut ukkosen jylyn kantavan vaaran enteitä, | Chuala glór ard na toirní, bhí rabhadh sa bhúireach |
aaltojen pauhun, joka voisi hukuttaa koko maailman, | Chuala liú ón tonn tuile a bháfadh an chruinne |
sataa rummunsoittajaa, joiden kädet olivat tulessa, | Chuala céad drumadóir is a dhá lámh trí thine |
kymmentätuhatta kuiskaajaa, joita kukaan ei kunnellut. | Chuala deich míle cogar is gan éinne ag éisteacht |
Olen kuullut ihmisen näkevän nälkää ja toisten nauravan, | Chuala duine ’bhí stiúgtha, chuala scata ag gáire |
katuojaan kuolleen runoilijan laulun, | Chuala amhrán an fhile a cailleadh sa chlaodach, |
kujalla itkevän ilveilijän äänen. | Chuala fuaim ón áilteoir is é ag caoineadh sa chaolsráid |
Ja musta, niin musta, niin musta, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
niin musta sade on lankeava. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Ja keitä olet kohdannut matkoillasi, poikani sinisilmä? | Ó cé casadh ort, ’mhic na súl glé |
Keitä olet tavannut, rakkaani pellavapää? | Is cé casadh ort ó bhánú an lae? |
Kohtasin lapsen vierellään kuollut poni, | Páiste beag óg agus pónaí ’bhí marbh, |
valkoisen miehen, joka talutti mustaa koiraa, | Madra ’bhí dubh is ba gheal é a úinéir |
nuoren naisen, jonka vartaloa liekit nuolivat, | Bean is a colainn go léir ar bharr lasrach |
nuoren tytön, joka antoi minulle sateenkaaren, | Cailín beag álainn a thug bogha síne dom, |
miehen, joka oli rakkauden haavoittama, | Fear óg dathúil is é leonta ag a chumann |
toisen, joka oli vihan haavoittama. | Fear eile fós is b’é an fuath a ghoin é |
Ja musta, niin musta, niin musta, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
niin musta sade on lankeava. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |
| |
Ja mitä nyt aiot, poikani sinisilmä? | Cad a dhéanfair anois, ’mhic na súl glé |
Mitä aiot, rakkaani pellavapää? | Cad a dhéanfair anois ó bhánú an lae? |
Aion mennä takaisin ulos ennen kuin sade alkaa, | Táim chun siúl liom amach sula dtitfidh an bháisteach |
kulkea synkimmän mustan metsän syvyyksiin, | Táim chun siúl go dtí croí na bhforaoisí is duibhe |
missä ihmisiä on paljon ja kaikki ovat tyhjin käsin, | Áit a gcónaíonn na mílte ach is folamh atá siad |
missä myrkyn siemenet hukuttavat heidän vetensä, | Áit a snámhann an nimh ar fud a gcuid uiscí |
missä laakson koti kohtaa kostean vankisellin saastan, | Is an baile sa ghleann ag iompú ina phríosún |
missä pyövelin kasvot ovat aina visusti kätketyt, | Áit nach bhfeictear go deo ann aghaidh an mharfóra |
missä nälällä on rumat kasvot, missä sielua ei ole, | An t-ocras urghránna ann, an t-anam dearúdta, |
missä väri on musta ja numero ei yhtään. | Dubh is ea dath ann, neamhní sea uimhir |
Ja kerron sen ja ajattelen sitä ja puhun siitä ja hengitän sitä | Inseoidh mé, smaoineoidh mé, neosfad le m’anáil é |
ja julistan sitä vuoren laelta niin että jokainen sielu sen näkee. | Soilseoidh sé ón sliabh chun go bhfeicfidh an domhan é |
Sitten seison vetten päällä kunnes alan upota. | Agus seasfad sa tuile go dtí go suncálfad |
Mutta lauluni tunnen jo ennen kuin alan sitä laulaa. | Beidh na hamhráin go léir ann sula dtosnód á gcanadh |
Ja musta, niin musta, niin musta, | Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian |
niin musta sade on lankeava. | Uch is dian-deoir atá i ndán. |