Cad é sin do'n té sin?
Anonymous
English translation by Gerard Manning | |
CAD É SIN DO'N TÉ SIN? | WHAT IS THAT TO ANYONE ELSE? |
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó | I went to the fair and sold my cow |
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir | For five pounds of silver and a yellow guinea of gold |
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór | If I drink the silver and if I give away the gold |
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? | O what is that to anyone else? |

Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró | If I go to the leafy woods gathering berries or chestnuts, |
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó | Plucking apples from branches or herding cows, |
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só | If I stretch out for a while beneath a tree relaxing, |
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? | O what is that to anyone else? |
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só | If I stretch out for a while beneath a tree relaxing, |
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? | O what is that to anyone else? |
Má théimse chuig airnéal is rince is spórt | If I go for a night-visit and for dancing and sport, |
Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt | To fairs and races and every gathering of that sort, |
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo | If I see happy people and if I'm happy with them, |
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? | O what is that to anyone else? |
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo | If I see happy people and if I'm happy with them, |
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? | O what is that to anyone else? |
Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh | People say I'm without riches no doubt, |
Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór | Without goods or clothes or cattle or stock, |
Má tá mise i sásta mó chónaí i gcró | If I a happy living in a hovel, |
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó? | O what is that to anyone else? |
Má tá mise i sásta mó chónaí i gcró | If I have a happy living in a hovel, |