Lingua   

L'Internationale

Eugène Pottier
Pagina della canzone con tutte le versioni


GAELICO IRLANDESE [2] / IRISH GAELIC [2]
AN tIDIRNAISIÚNTA

Éirígí, a lucht ocrais, as bhur gcodladh!
Éirígí, a dhaoraithe na gainne!
Mar anois tá an réabhlóid ag tonnadh,
Is tá deireadh le ré na cainte!
Amach le bhur bpisreoga uile,
A sclábhaithe, éirígí! éirígí!
Athróm anois na sean-drochídí,
’S téanam i mbaol ar thóir na bua!

Anois, a chairde, tagaigí uile,
Tá an cogadh deiridh ar siúl!
Aontaíonn an tIdirnáisiúnta
An cine daonna go léir!
Anois, a chairde, tagaigí uile,
Tá an cogadh deiridh ar siúl!
Aontaíonn an tIdirnáisiúnta
An cine daonna go léir!

Nil trust ar bith againn i dtaoisigh
Na súil le slanaitheoir o neamh
's muid ag braith ar ar lamha féinig
Chun saol núa a bhaint amach!
Os muid a chruthaíos gach saibhreas,
Os muid a throideas gach cath
Aontaithe le chiele gan aon aighneas
Is againn a bheas an rath.

Anois, a chairde, tagaigí uile,
Tá an cogadh deiridh ar siúl!
Aontaíonn an tIdirnáisiúnta
An cine daonna go léir!
Anois, a chairde, tagaigí uile,
Tá an cogadh deiridh ar siúl!
Aontaíonn an tIdirnáisiúnta
An cine daonna go léir!

[AN tINTERNATIONAL]

Músclaíg, a bhratainn na cruinne,
A dhíogha an ocrais, aire daoibh!
Tá an tuiscint ina buabhall buile,
Ag saighdeadh an duine chun malairt saoil.
De sheanré na ngeasróg déanam easair,
Ar na laincisí, músclaíg;
Sinne nach faic muid gheobhaimid gradam;
An seanreacht leagfar bunoscionn.

Is í an troid scoir í, a bhráithre,
Éirímis chun gnímh;
An tInternational
Snaidhm comhair an chine dhaonna.
Is í an troid scoir í, a bhráithre,
Éirímis chun gnímh;
An tInternational
A bheas mar chine daonna.


Pagina della canzone con tutte le versioni

Pagina principale CCG


hosted by inventati.org