Language   

Where Have all the Flowers Gone

Pete Seeger
Back to the song page with all the versions


GAELICO IRLANDESE / IRISH GAELIC (GAEILGE) / GAÉLIQUE IRLANDAIS ...
CÁ nDEACHAIGH NA BLÁTHANNA?

Cá ndeachaigh na bláthanna?
Is an t-am ag sleamhnú thart
Cá ndeachaigh na bláthanna?
San am fadó
Cá ndeachaigh na bláthanna?
Bainte ag ógmhná chuile ceann
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?

Cá ndeachaigh na mná óga?
Is an t-am ag sleamhnú thart
Cá ndeachaigh na mná óga?
San am fadó
Cá ndeachaigh na mná óga?
Fir chéile acu chuile ceann
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?

Cá ndeachaigh na fir óga?
Is an t-am ag sleamhnú thart
Cá ndeachaigh na fir óga?
San am fadó
Cá ndeachaigh na fir óga?
Ba shaighdiúirí iad, chuile ceann
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?

Cá ndeachaigh na saighdiúirí?
Is an t-am ag sleamhnú thart
Cá ndeachaigh na saighdiúirí?
San am fadó
Cá ndeachaigh na saighdiúirí?
Isteach sa reilig, chuile ceann
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?
An bhfoghlaimeoidh siad riamh?

Cá ndeachaigh na reiligí?
Is an t-am ag sleamhnú thart
Cá ndeachaigh na reiligí?
San am fadó
Cá ndeachaigh na reiligí?
Clúdach bláthanna ar chuile ceann
An bhfoghlaimeoimid riamh?
An bhfoghlaimeoimid riamh?
Ó CÁ BHFUIL NA BLÁTHA UAINN?

Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Fad-fad- fadó
Ó cá bhfuil na blátha uainn
Phioc na béithe iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na béithe uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na béithe uainn
Fad-fad fadó
Ó cá bhfuil na béithe uainn
Tá siad pósta, ó monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na daltaí uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na daltaí uainn
Fad-fad fadó
Ó cá bhfuil na daltaí uainn
Ina saighdiúirí, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Am ag imeacht
Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Fad-fad- fadó
Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Insan uaigh, ó monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Fad-fad-fadó
Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Clúdaíonn blátha iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall
Cathain a thiocfaidh ciall

Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Fad-fad- fadó
Ó cá bhfuil na blátha uainn
Phioc na béithe iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?




Back to the song page with all the versions

Main Page

Note for non-Italian users: Sorry, though the interface of this website is translated into English, most commentaries and biographies are in Italian and/or in other languages like French, German, Spanish, Russian etc.




hosted by inventati.org