Anthem
Leonard CohenOriginale | Irish transcreation by Gabriel Rosenstock |
ANTHEM The birds they sang at the break of day Start again I heard them say Don't dwell on what has passed away or what is yet to be. Ah the wars they will be fought again The holy dove She will be caught again bought and sold and bought again the dove is never free. Ring the bells that still can ring Forget your perfect offering There is a crack in everything That's how the light gets in. We asked for signs the signs were sent: the birth betrayed the marriage spent Yeah the widowhood of every government -- signs for all to see. I can't run no more with that lawless crowd while the killers in high places say their prayers out loud. But they've summoned, they've summoned up a thundercloud and they're going to hear from me. Ring the bells that still can ring ... You can add up the parts but you won't have the sum You can strike up the march, there is no drum Every heart, every heart to love will come but like a refugee. Ring the bells that still can ring Forget your perfect offering There is a crack, a crack in everything That's how the light gets in. Ring the bells that still can ring Forget your perfect offering There is a crack, a crack in everything That's how the light gets in. That's how the light gets in. That's how the light gets in. | AINTIÚN Do chan na héin ag breacadh an lae "Ba chóir daoibh tabhairt faoi nua-ré! Ná smaoinígí ar an lá inné ná ar a bhfuil i ndán." Á, troidfear cogaí arís 's arís an colmán beidh sí i gcás arís díolfar í arís 's arís is daor é an colm bán. Buail na cloig ag a bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Bhí comharthaí uainn is bhí siad ann an feall sa bhreith an pósadh fann Sea, ba bhaintreach é gach uile rialtas cam - ba léir é do chách Ní thig liom níos mó a bheith leis an slua is boic mhóra, marfóirí, is iad ag guí, monuar! Ach do ghair siad, ghair siad chucu an scamall fuar agus cloisfidh siad m'amhrán: Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Níl in aon chuid den pháirt ach cuid den iomlán d'fhéadfá dul ag máirseáil gan druma ann aimseoidh gach uile chroí mór-rún an ghrá – mar theifeach 's é ar fán. Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. A ligeann solas tríd. A ligeann solas tríd. |