Language   

Cé Tú Féin?

Kìla
Language: Irish


Kìla


Cé tú féin, a strainséar chaoin?
Cé tú féin?
An lách no dian
Do bhuille thréan?
Cé tú féin?
Ar tháinig tú ó i bhfad gcéin?
Aniar aduaidh, anoir aneas?
Ar tháinig tú ó fuacht nó teas?
Cé tú féin?

Tar isteach, a strainséar righin
Tar isteach
Suí chun boird
Ól braon di
Nó lig do scíth
'S inis dúinn an fáth go bhfuil
Do aghaidh chiúin uaigneach dorcha
An fáth go bhfuil do shúile lán le cuamha

Cé tú féin, a strainséar chaoin?
Cé tú féin?
An lách no dian
Do bhuille thréan?
Cé tú féin?
Ar tháinig tú ó i bhfad gcéin?
Aniar aduaidh, anoir aneas?
Ar tháinig tú ó fuacht nó teas?
Cé tú féin?

'S im' chuisle
I gcuideachta órga 's draíochta
Im' lorg i leabaidh
I leabhar mór gach míosa
Ní thagaim níor tháinig mé riamh
Ar an ní a bhí uaim

'S i ngleannta
I gcoillte le scaipeadh na síolta
Mé thuas seal 's thíos seal
Le suaitheadh gach oíche
Ní bhraithim níor bhraith mé riamh
An ní a bhí uaim

Slán agat, a strainséar chaoin
Slán agat
'S guíom gach rath
'S sonas ort amach anseo
'S beidh fáilte romhat 'riamh i m' chroí
Cé uaigneach cé sonasach
Cé meangadh mór na gréine ar do aghaidh



Main Page

Please report any error in lyrics or commentaries to antiwarsongs@gmail.com

Note for non-Italian users: Sorry, though the interface of this website is translated into English, most commentaries and biographies are in Italian and/or in other languages like French, German, Spanish, Russian etc.




hosted by inventati.org