Language   

Na buachaillí bána

Antoine Ó Raifteirí
Language: Irish




A Dhonncha Brúin 's deas do chraithfinn lámh leat
Agus ní le grá duit ach le fonn do ghabháil
Cheanglóinn suas thú le rópa cnáibe
Agus chuirfinn mo "Spír" i do bholg mór.

Mar is iomaí buachaill maith chuir tú thar sáile
Thiocfas anall fís is cúnamh leo
Faoi chultaibh dearga agus hataí lása
'S beidh an droma Francach a' seinm leo!

A chrann duilleach, má chríondo do bhláthsa,
mo chreach níor dhaingnigh do fhréamhacha
mar tháinig an donas orm le linn na bhFrancach
is an t-arm Gallda ar gach uile thaobh.

Cén bhrí an cluiche seo go dtaga an Spáinneach
is imeoidh an pharlaímint ó chumhacht an rí,
seo é an imirt a bhfaighidh muid sásamh
beidh an talamh bán againn ar bheagán cíos'.

Ag teacht an tséasúir déanfaidh muid sléachtadh,
maróidh muid céad agus dhá mhíle bó,
beidh buailí Shasana le beagán géimní
ag teacht an tséasúir má bhíonn muid beo.

Beidh leathar fairsing ag na gréasaithe Gaelach
is ní iarrfaidh muid péire orthu níos lú ná coróin,
beidh bróga againne gan Dia dá méadú
is ní íosfaidh muid béile níos mó gan feoil.

A Johnny Gibbons mo chúig chéad slán leat,
is fada uaim thú in sa nGearmáin
is é do chroí gan chealgadh a bhí riamh le suairceas
ar an cnoc seo thuas tá ár gcúnamh fann.

Tá sé dá aithris dúinn ó bhéal an údair
go loiscfidh an slúp linn nár baisteadh a dhream,
mura dtaga tú de relief orainn ins' aimsir chruatain
is mór an truaí muid faoi bharra gleann.

Tá Johnny Gibbons is ár nAthair Maol're
agus iad á gcaomhúint amach faoin móin,
faoi thart is faoi easonóir is fhuacht na hoíche
is níl fiú an bhraoin dí acu ná dram lena ól.

Ní mar sin a chleacht siad ach fuíoll na bhfuíoll
agus shoraidh díofa nach dtug aire dó,
is rímhór m'fhaitíos mura bhfuil ag íosa
go mbeidh siad síos leis, agus tuilleadh leo.

Tá a fhios ag an saol nár mharaíos caora
in san oíche is nár speir mé bó,
Má tá i ndán is go n-éireoidh an lá linn
go bhfaighidh muid sásamh in san gcúis seo fós.

Bronnann muid Camas ar an Athair Maol're
is Baile an Mhaoil le haghaidh a bhó
is ní bheidh muid choíche arís ár ndíbirt
gan bhia gan dídean amach faoin móin.

Tá bullán bacach faoi bharr an tsléibhe
is deir gach aon neach nach mbeidh i bhfad beo,
Coirnéal Máirtín 'tá ina cheann ar an taobh sin
agus measaim féin gur aige is cóir.

Tá céad fear acu a chuir an t-airgead le chéile
nár ghearr féith is nár ith an fheoil,
ach, a chlann Mhig Eochagáin, má tá tú in Éirinn
ná lig an léirscrios go hIorras Mór.



Main Page

Please report any error in lyrics or commentaries to antiwarsongs@gmail.com

Note for non-Italian users: Sorry, though the interface of this website is translated into English, most commentaries and biographies are in Italian and/or in other languages like French, German, Spanish, Russian etc.




hosted by inventati.org