Lingua   

Príosún Cluain Meala

anonimo




Ó, bliain is lá amárach
Sea d'fhágas an baile
A' dul go hArd Pádraig,
'Cur lásaí le m' hata.
Bhí Buachaillí Bána ann
Is rás acu ar Eallaibh,
Is mé go dubhach uaigneach
I bpríosún Cluain Meala

Tá mo shrian is mo dhiallait
Ar iasacht le fada.
Mo chamán ar fiaradh
Faoi iarthar mo leapa,
Mo liatróid dá bualadh
Ag buachaillí an ghleanna -
Is go mbuailfinn poc báire
Chomh hard leis na fearaibh!

A Chiarraigh bígí ' guí liom,
Is bog binn liom bhur nglórtha,
Is beag a shíleas-sa choíche
Ná béarfainnse beo oraibh:
Go mbeidh ár dtrí cinn-ne
Ar trí spící mar sheó acu,
Faoi schneachta na hoíche,
Is gach síon eile á ngeobhaidh chugainn!

Go hUíbh Ráthach má théann tú,
Beir scéala go dtí mo mhuintir
Go bhfuilim daor ar an bhfód seo
Is nach bhfuil beo agam
Ach go hAoine.

Bailídh gléas tórraimh
Agus cónra bhreá im thimpeall -
Sin críoch ar Ó Dónaill
Is go deo bídh ag guí leis.



Pagina principale CCG

Segnalate eventuali errori nei testi o nei commenti a antiwarsongs@gmail.com




hosted by inventati.org