Lingua   

Cad é sin do'n té sin?

anonimo

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh
Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór
Má tá mise i sásta mó chónaí i gcró
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má tá mise i sásta mó chónaí i gcró
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?

Pagina principale CCG

Segnalate eventuali errori nei testi o nei commenti a antiwarsongs@gmail.com

hosted by inventati.org