The Ghost Of Tom Joad
Bruce SpringsteenVersione in Lombardo lagheé di Davide Van De Sfroos | |
THAIBHSE TOM JOAD Ar na ráillí tá na fir ag siúl Dul áit éigin is níl dul ar gcúl Tá na héileacaptair an mullach chugainn aniar Súp te sa champa faoin droichead á riar. Scuaine na mbochtán thar an gcoirnéal Fáilte, tá ord nua i réim Teaghlaigh san iardheisceart ina gcairt ina luí Níl áit ná jab acu ná scíth. Bhuel is beo don bhealach mór san oích’ Ach níl éinne ag cur dallamullóg ar éinne ar ndóigh Táimse anseo cois na tine im’ shuí Mé sa tóir ar thaibhse Tom Joad As a mhála codlata an leabhar urnaí Lasann Preacher is ólann sé a bhun toitín Fanacht cé bheidh chun tosaigh, cé bheidh chun deiridh, mo léir Insan íosbhealach, bosca cairtpháipéir Go dtí an tír tairngire ticéad aon treo Tá gunnán i do ghlac is tá do bholg i mbun gleo Ar philiúr cloch sea ligeann tú do scíth Agus tú ag snámh san uiscerian. Is is beo don bhealach mór san oích’ Cá bhfuil a thriall, is eol dúinn a threo Táimse anseo cois na tine im’ shuí Mé sa tóir ar thaibhse Tom Joad Deir Tom, ‘’Mhaim, má tá duine á bhualadh ag póilín Má tá leanbh nuabheirthe ag lorg bia Má tá troid ann in aghaidh an phóir agus fuath san aer Cuardaigh, a Mhaim, agus féach Má tá duine ag troid ar son a phaiste féin Nó ag súil le jab áit éigin faoin ngréin Má tá duine ag streachailt chun a bheith saor Féach air, a Mhaim, feicfidh tú mé.’ Bhuel is beo don bhealach mór san oích’ Ach níl éinne ag cur dallamullóg ar éinne ar ndóigh Táimse anseo cois na tine im’ shuí Mé sa tóir ar thaibhse Tom Joad | {{video https://www.youtube.com/watch?v=sVSsstHj-MM}} |